Nuacht as Gaeilge 27th June 2026

Sa nuacht an tseachtain seo, fuair Scoil Mhuire, Dún na Mainistreach cead dul ar aghaidh chuig an gcéim tairisceana do thionscadal nua sé sheomra ranga, lena n-áirítear ceithre sheomra príomhshrutha agus dhá sheomra don Oideachas Speisialta.

Cuireadh pleananna isteach freisin ag Lidl Ireland d’ollmhargadh nua i gCarraig Phiarais, ina mbeidh áiseanna nua-aimseartha, pointí luchtaithe d’fheithiclí leictreacha agus feabhsuithe bonneagair chun tacú le forbairt sa cheantar.

Idir an dá linn, tá mórfheachtas tiomsaithe airgid ar bun d’Olivia, cailín ocht mbliana d’aois as Port Láirge atá ag maireachtáil le Siondróm Ogden, agus tá a teaghlach ag iarraidh €120,000 a bhailiú chun a dteach a chur in oiriúint dá riachtanais.

I nuacht ghnó, cheannaigh Corrib Oil stáisiún seirbhíse Motorpoint ar Bhóthar Míleata i bPort Láirge ar €3.2 milliún, rud a neartaíonn líonra miondíola na cuideachta ar fud na tíre.

Agus ar deireadh, tá cónaitheoirí i bPoint na Síge ag iarraidh ar Chomhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge aghaidh a thabhairt ar dhrochbhail bóthair sa cheantar, cé go ndeir an Chomhairle gur bóthar príobháideach é nach bhfuil faoina cúram.


In this week’s news, permission was granted for Scoil Mhuire, Abbeyside to move to the tender stage for a new six-classroom building project, including four mainstream classrooms and two special education classrooms to increase much-needed school capacity.

Plans were also submitted by Lidl Ireland for a new supermarket in Carrickphierish, featuring modern sustainability measures, electric vehicle charging points, and improved access to support future development in the area.

Meanwhile, a major fundraising campaign is underway for Olivia, an eight-year-old girl from Waterford living with the rare Ogden Syndrome, as her family aims to raise €120,000 to adapt their home to meet her long-term care needs.

In business news, Corrib Oil has purchased the Motorpoint service station on the Military Road in Waterford for €3.2 million, strengthening its retail network across Ireland.

And finally, residents of  Cheekpoint are calling on Waterford City and County Council to address the dangerous condition of a badly damaged road, although the council says the road is privately owned and not under its responsibility.