Nuacht as Gaeilge 24th October 2026

Tá pleananna chun análóirí a chur i dtithe tábhairne agus in óstáin curtha ar ceal ag an Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre. Chuir an tAire Seán Canney fáilte roimh an gcinneadh, tar éis cáineadh go raibh an moladh ag teacht salach ar an teachtaireacht nach mbíonn sé sábháilte riamh ól agus tiomáint.

Ghabh an Taoiseach Micheál Martin leithscéal thar ceann an Stáit le teaghlach an oifigigh príosúin Brian Stack, a scaoil an IRA i 1983. Bhain an leithscéal go háirithe le fiosrúchán tosaigh na nGardaí, inar aimsíodh beagnach 200 earráid nó easnamh, dar lena mhac Austin.

Tá rabhadh tugtha do thomhaltóirí gan roinnt táirgí éisc agus bia mara a díoladh in SuperValu agus Centra a ithe de bharr éilliú le listeria. Tá an aisghairm leathnaithe chun ronnach le piobar agus manglaim cloicheán a chur san áireamh, agus tá sonraí iomlána ar shuíomh gréasáin Údarás Sábháilteachta Bia na hÉireann.

Tá Safeguarding Ireland ag impí ar an Rialtas reachtaíocht a thabhairt chun cinn chun daoine fásta leochaileacha a chosaint ar mhí-úsáid. Deir an eagraíocht go bhfuil an reachtaíocht dréachtaithe cheana féin, agus tá ceithre thosaíocht leagtha amach aici chun cosaint daoine fásta a neartú.

Bhí an dubh mar théama ag bainis Keelin Ward agus Anthony Kavanagh i mBaile Átha Troim i gContae na Mí. Chaith an bhrídeog agus a seisear ban coimhdeachta dubh, agus bhí dhá chónra ina seasamh mar chúlra do ghrianghraif ag an bhfáiltiú.


The Road Safety Authority has scrapped plans to install breathalysers in pubs and hotels. Minister Seán Canney welcomed the decision following criticism that the proposal contradicted the message that it is never safe to drink and drive.

Taoiseach Micheál Martin apologised on behalf of the State to the family of prison officer Brian Stack, who was shot by the IRA in 1983. The apology focused particularly on the initial Garda investigation, which his son Austin says contained almost 200 errors or omissions.

Consumers have been warned not to eat certain fish and seafood products sold in SuperValu and Centra due to listeria contamination. The expanded recall includes peppered mackerel and prawn cocktails, with full details available on the Food Safety Authority of Ireland’s website.

Safeguarding Ireland is urging the Government to advance legislation protecting vulnerable adults from abuse. The organisation says the legislation is already drafted and has outlined four priorities to strengthen adult protection.

Keelin Ward and Anthony Kavanagh celebrated an all-black wedding in Trim, Co Meath. The bride and her six bridesmaids wore black, while two upright coffins provided a backdrop for photographs at the reception.

Nuacht as Gaeilge is funded by the News Reporting Scheme