Nuacht as Gaeilge 31st October 2026

Ar dtús, tá Gardaí i mBaile Átha Cliath ag fiosrú ghoid 36 ríomhaire ó shuíomh an ospidéil nua do leanaí.

San Úcráin, d’úsáid saighdiúirí dróin chun cait agus madraí a thabhairt slán as ceantar atá faoi fhorghabháil na Rúise.

Deir an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh gur gá tús áite a thabhairt do phoist agus do sheirbhísí a chosaint tar éis don Ard-Chúirt leachtaitheoirí sealadacha a cheapadh ar Liberty Recycling.

I nDoire, tá deireadh tagtha le foláireamh slándála tar éis do shaineolaithe pléascadh rialaithe a dhéanamh ar ghléas i gceantar Chearnóg Ebrington.

Tá an Rialtas le moladh a mheas chun billiún euro breise a chur le Ciste na hÉireann don Todhchaí, rud a d’fhágfadh €22.77 billiún sa chiste faoi dheireadh na bliana seo chugainn.

I saol na siamsaíochta, dúirt Hannah Waddingham gur dhiúltaigh sí do chuireadh páirt a ghlacadh in Celebrity Traitorsmar go raibh an iomarca eagla uirthi.

Agus ar deireadh, meastar go nginfidh imeachtaí Oíche Shamhna breis agus €40 milliún do ghnólachtaí agus do phobail ar fud na hÉireann, agus ceiliúradh ar siúl i bPort Láirge, i measc áiteanna eile.


First, Gardaí in Dublin are investigating the theft of 36 computers from the new children’s hospital site.

In Ukraine, soldiers used drones to rescue cats and dogs from Russian-occupied territory.

Sinn Féin TD Aengus Ó Snodaigh says protecting jobs and services must be the priority after the High Court appointed provisional liquidators to Liberty Recycling.

In Derry, a security alert has ended after a bomb disposal team carried out a controlled explosion on a device in the Ebrington Square area.

The Government is due to consider adding an extra €1 billion to the Future Ireland Fund, which would bring it to €22.77 billion by the end of next year.

In entertainment news, Hannah Waddingham revealed she turned down an invitation to appear on Celebrity Traitorsbecause she was too scared.

And finally, Halloween celebrations are expected to generate more than €40 million for businesses and communities across Ireland, with events taking place in Waterford and around the country.

Nuacht as Gaeilge is funded by the News Reporting Scheme