Nuacht as Gaeilge 7th November 2026

Ar dtús, deir Donald Trump nach bhfuil sé buartha faoi tháinseamh tar éis do na Daonlathaigh smacht a fháil ar dhá theach na Comhdhála.

Ansin, tá oibreacha samhraidh ceadaithe i ndeich scoil i bPort Láirge.

Idir an dá linn, d’fhéadfadh sé suas le €30 milliún a chosaint fadhbanna leis an soilsiú poiblí i bPort Láirge a réiteach.

Agus dea-scéal ó Phort an Chalaidh, tá gradam pobail buaite ag oifig an phoist as na huaireanta ciúine a chuireann sí ar fáil do theaghlaigh.

Thar lear, tá fear ón mBreatain á thabhairt abhaile le haghaidh cóireála tar éis dó Ebola a tholgadh sa Chongó.

Agus ar deireadh, tá feachtas GoFundMe seolta d’Abbie Fleming ó Thiobraid Árann Theas, a gortaíodh go dona i dtimpiste báid sa Téalainn.


First, Donald Trump says he’s not worried about impeachment after the Democrats took control of both houses of Congress.

Next, summer works have been approved for ten schools in Waterford.

Meanwhile, fixing Waterford’s public lighting problems could cost up to €30 million.

And some good news from Ferrybank, where the post office has won a community award for offering quieter hours for families.

Abroad, a British man is being flown home for treatment after contracting Ebola in the Congo.

And finally, a GoFundMe has been launched for Abbie Fleming from South Tipperary, who was seriously injured in a boat accident in Thailand.

Nuacht as Gaeilge is funded by the News Reporting Scheme