
Nuacht as Gaeilge 6th June 2026
Ar nuacht na seachtaine seo, táimid ag cloisteáil go bhfuil 50 post nua le cruthú i bPort Láirge de réir mar a bhíonn Greenvolt Next ag leathnú a chuid oibríochtaí, mar aon le hinfheistíocht nua ina gceanncheathrú agus i dtionscadail fuinnimh in-athnuaite.
Cloisimid freisin go bhfuil pleananna curtha isteach chun 12 aonad cónaithe a thógáil ar chuid de shuíomh iar-CBS Thrá Mhór, le cinneadh le déanamh faoin samhradh.
Táthar ag breathnú ar staidéar nua freisin chun féidearthachtaí eitiltí nua ó Aerfort Phort Láirge a mheas, bunaithe ar éileamh féideartha sa réigiún.
Ag an am céanna, tá Gardaí ag tabhairt comhairle d’fheirmeoirí a gcuid maoine a sheiceáil go rialta chun cosaint a dhéanamh ar chásanna gadaíochta i gceantair thuaithe.
Agus ar deireadh, táthar ag súil le níos mó ná 2,000 cuairteoir i bPort Láirge do na Cluichí Domhanda CLG i mí Iúil, rud a chuirfidh borradh eacnamaíoch suntasach leis an gceantar.
In this week’s news of the week, we hear that 50 new jobs are to be created in Waterford as Greenvolt Next expands its operations, alongside a major investment in its headquarters and renewable energy projects.
We also hear that plans have been submitted to build 12 residential units on part of the former CBS Tramore site, with a decision expected later in the summer.
There are also proposals for a study to assess potential new flight routes from Waterford Airport, based on demand across the wider South East region.
At the same time, Gardaí are advising farmers to carry out regular security checks on their properties to help prevent rural theft.
And finally, more than 2,000 visitors are expected in Waterford for the World GAA Games in July, which is set to bring a significant economic boost to the area.
Nuacht as Gaeilge is funded by the News Reporting Scheme





