
Nuacht as Gaeilge 5th September 2026
Ardófar táillí do dhaoine fásta ar iompar poiblí ó 2027, agus méadú 15 faoin gcéad ar an meán fógartha ag an Údarás Náisiúnta Iompair. Mar sin féin, laghdófar go leor táillí do leanaí agus ní bheidh aon athrú ar an saorthaisteal do leanaí faoi naoi mbliana d’aois ná do dhaoine atá 66 bliain d’aois nó os a chionn.
Idir an dá linn, tá breis agus 250 feiste soilsithe aerpháirce á mbaint amach ag Aerfort Phort Láirge agus obair athfhorbartha ag leanúint ar aghaidh ann. Deir Waterford Aviation gur céim thábhachtach eile í seo agus an t-aerfort á ullmhú don chéad chéim eile den obair thógála.
In iarthar an chontae, tá úinéirí Eastát Bhaile na Trá ag cur in aghaidh éilimh go bhfuil srian curtha ar rochtain ar láithreacha stairiúla ar an eastát. Deir siad go bhfuil an carrchlós ar fáil i rith an lae agus nach bhfuil aon srian ar dhaoine atá ag iarraidh cuairt a thabhairt ar na huaigheanna i dTeampall Mhichíl.
I nDún Garbhán, tá cead pleanála tugtha d’fhorbairt mhór ilúsáide sé stór ar Ché Dáibhéid agus Sráid T. F. Meagher. Beidh 37 árasán, aonad tráchtála agus gairdín dín comhchoiteann mar chuid den fhorbairt ar an suíomh ina mbíodh Murphy’s Bar & Restaurant agus club oíche Waves.
Agus ar deireadh, tá a Iubhaile Airgid ceiliúrtha ag sagart paróiste Thrá Mhór, an tAthair Richard O’Halloran, agus 25 bliain caite aige ó oirníodh ina shagart é. Reáchtáladh Aifreann speisialta in Eaglais na Croise Naofa chun an ócáid a cheiliúradh, agus 14 shagart agus an tEaspag Alphonsus Cullinan i láthair.
Adult public transport fares are set to increase from 2027, with the National Transport Authority announcing an average rise of 15%. However, many child fares will be reduced, while free travel for children under nine and people aged 66 and over will remain unchanged.
Meanwhile, more than 250 airfield lighting fittings are being removed at Waterford Airport as redevelopment works continue. Waterford Aviation says the operation marks another important step in preparing the airport for the next phase of construction.
In West Waterford, the owners of Ballynatray Estate have disputed claims that access to historic sites on the property has been restricted. They say the private car park remains open during the day and there are no restrictions on people visiting the graves at Templemichael.
In Dungarvan, planning permission has been granted for a major six-storey mixed-use development at Davitt’s Quay and T. F. Meagher Street. The development will include 37 apartments, commercial space and a communal roof garden on the former Murphy’s Bar & Restaurant and Waves Nightclub site.
And finally, Tramore parish priest Fr Richard O’Halloran has celebrated his Silver Jubilee, marking 25 years since his ordination. A special Mass was held in Holy Cross Church to mark the occasion, attended by 14 priests and Bishop Alphonsus Cullinan.











