
Nuacht as Gaeilge 26th September 2026
Cuireadh deireadh leis an gcuardach do Patrick Rice, fear 52 bliain d’aois a bhí ar iarraidh ó Dhún Garbhán. Bhí sé ag obair le Comhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge, agus ghabh na Gardaí buíochas leis an bpobal agus leis na meáin as a gcabhair.
Tá ómós tugtha do Richard Prendergast, fear sna seascaidí a bhásaigh i dtimpiste idir carr agus bus ar an N25 ag Cionn tSáile Beag. Cuireadh síos air mar fhear mór clainne agus mar fheirmeoir cumasach a raibh meas mór air sa cheantar.
Tá conradh sínithe chun áis nua spóirt uisce a thógáil ar Phromanáid na Trá Móire. Beidh cithfholcadáin, áiseanna leithris agus stóráil do chathaoireacha rothaí trá mar chuid den fhorbairt.
Tá SETU ag tabhairt cuireadh do ghnólachtaí in Iarthar Phort Láirge freastal ar oícheanta eolais i nDún Garbhán, i gCeapach Choinn agus i dTulach an Iarainn. Tabharfar eolas faoi thacaíochtaí do ghnólachtaí, cúnamh teicniúil agus deiseanna nuálaíochta.
Agus i nuacht siamsaíochta, chuaigh ticéid don gheamaireacht Sleeping Beauty ar díol maidin Dé Máirt. Tar éis do Chumann Geamaireachta Phort Láirge 40 bliain a cheiliúradh anuraidh, gealltar seó lán spraoi do dhaoine de gach aois i mbliana, le banna iomlán beo, neart rannpháirtíochta ón lucht féachana agus seit úrnua. Beidh an seó mar chuid de cheiliúradh na Nollag sa chathair agus sa chontae, agus leanfaidh sé leis an traidisiún fadbhunaithe seo i bPort Láirge.
The search for 52-year-old Patrick Rice, who had been reported missing from Dungarvan, has been stood down. Mr Rice worked with Waterford City and County Council, and Gardaí thanked the public and media for their assistance.
Tributes have been paid to Richard Prendergast, a man in his sixties who died following a collision involving a car and a bus on the N25 at Kinsalebeg. He was described as a family man and an accomplished farmer who was well known and respected locally.
A contract has been signed for the construction of a new water sports facility on Tramore Prom. The development will include showers, toilet facilities and storage for beach wheelchairs.
SETU is inviting businesses across West Waterford to attend a series of information evenings in Dungarvan, Cappoquin and Tallow. The events will provide information on business supports, technical assistance and innovation opportunities.
And in entertainment news, tickets for this year’s production of Sleeping Beauty went on sale on Tuesday morning. Following Waterford Panto Society’s 40th anniversary celebrations last year, this year’s show promises entertainment for all ages, with a full live band, plenty of audience participation and a brand-new set. The show will form part of Christmas celebrations across Waterford and continue the society’s long-established festive tradition.
Nuacht as Gaeilge is funded by the News Reporting Scheme











