Nuacht as Gaeilge 25th July 2026

Ar dtús, tá fear 36 bliain d’aois cúisithe i ndáil le hionsaí tromchúiseach ar bhean in Eaglais na Croise Naofa i dTrá Mhór. Tá Niall Cummins le teacht os comhair Chúirt Dúiche Phort Láirge arís trí nasc físe.

Idir an dá linn, tá an tAerchór ag iarraidh ar oibreoirí drón fanacht amach ó láithreacha tine fiáine. Tagann an rabhadh i ndiaidh oibríochtaí dóiteáin i Sliabh na mBan i ndeisceart Thiobraid Árann.

Ina theannta sin, táthar ag súil go léireoidh tuarascáil bhliantúil RTÉ go raibh naonúr den deichniúr ba mhó a thuill ag an gcraoltóir anuraidh i bpoist bhainistíochta sinsearaí. Meastar gurbh í Claire Byrne an t-aon láithreoir a bhí ar an liosta.

Maidir le cúrsaí uisce, tá Ordú Náisiúnta um Chaomhnú Uisce i bhfeidhm i gContae Phort Láirge mar gheall ar an aimsir the, an easpa báistí agus brú ar sholáthairtí. Tá cosc ar phíobáin uisce a úsáid chun críocha neamhriachtanacha agus fanfaidh an t-ordú i bhfeidhm go dtí an 26 Lúnasa.

Agus ar deireadh, táthar ag impí ar thiománaithe pleanáil chun cinn roimh Fhéile Spraoi Phort Láirge. Beidh roinnt dúnadh sealadach bóithre i bhfeidhm ar fud na cathrach le linn na féile.


Firstly, a 36-year-old man has been charged in connection with a serious assault on a woman at Holy Cross Church in Tramore. Niall Cummins is due to appear again before Waterford District Court via video link.

Meanwhile, the Air Corps is urging drone operators to stay away from wildfire sites. The warning follows firefighting operations at Slievenamon in south Tipperary.

In addition, RTÉ’s annual report is expected to show that nine of its ten highest earners last year held senior management positions. Claire Byrne is expected to have been the only presenter on the list.

In relation to water supplies, a National Water Conservation Order is in place in County Waterford due to continued hot weather, low rainfall and pressure on supplies. The use of hosepipes for non-essential purposes is prohibited, with the order remaining in place until August 26th.

And finally, motorists are being urged to plan ahead for this year’s Waterford Spraoi Festival. A number of temporary road closures will be in place across the city during the festival.

Nuacht as Gaeilge is funded by the News Reporting Scheme