Nuacht as Gaeilge 19th September 2026

I nuacht na Gaeilge an tseachtain seo, bhí muid ag féachaint ar éileamh ó cheannairí polaitiúla i dTuaisceart Éireann, in Albain agus sa Bhreatain Bheag ar son tuilleadh féinchinntiúcháin, tar éis dóibh meabhrán tuisceana a shíniú agus gealltanas a thabhairt oibriú le chéile ar son athrú bunreachtúil.

Chuala muid an scéal is déanaí chomh maith ó na deirfiúracha Alma agus Niamh Kinsella, a gortaíodh go dona sa timpiste ar an M9 an mhí seo caite. Deir na deirfiúracha go bhfuil siad ag éirí níos láidre de réir a chéile agus ghabh siad buíochas leis an bpobal as an tacaíocht atá tugtha dóibh.

I bPort Láirge, tá €22.65 milliún de mhaoiniú Rialtais fógartha do thrí mhórthionscadal athnuachana. Tacóidh an infheistíocht le Mol Cruthaitheach nua sa Cheathrú Chultúir agus le hathfhorbairt 22 Lána Mhuire i gCathair Phort Láirge, chomh maith le Mol Nuálaíochta agus Fiontraíochta nua i nDún Garbhán.

Chuala muid chomh maith go bhfuil sé ráite ag Comhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge nach bhfuil BusConnects curtha siar go dtí 2028, agus táthar ag súil go bhféadfaí tús a chur le seirbhísí go luath in 2027.

Agus ar deireadh, tá pleananna ag dul ar aghaidh chun féachaint ar an bhféidearthacht go mbeadh an tríú trasnú ar Abhainn na Siúire. Scrúdóidh staidéar féidearthachta roinnt suíomhanna agus roghanna éagsúla, lena n-áirítear trasnú lasmuigh den chathair nó tollán féideartha.

This week has seen calls from political leaders in Northern Ireland, Scotland and Wales for greater self-determination, following the signing of a memorandum of understanding committing them to work collectively on constitutional change.

We also heard an update from sisters Alma and Niamh Kinsella, who were seriously injured in last month’s M9 crash. The sisters say they are getting stronger as the days go by and thanked the public for their continued support.

In Waterford, €22.65 million in Government funding has been announced for three major regeneration projects. The investment will support a new Cultural Quarter Creative Hub and the redevelopment of 22 Lady Lane in Waterford City, as well as a new Innovation and Enterprise Hub in Dungarvan.

We also heard that Waterford City and County Council has rejected suggestions that BusConnects has been postponed until 2028, with hopes that services could begin rolling out in early 2027.

Finally, plans are progressing to examine the possibility of a third crossing of the River Suir. A feasibility study will consider a number of potential locations and options, including a crossing outside the city or a possible tunnel.

Nuacht as Gaeilge is funded by the News Reporting Scheme