
Nuacht as Gaeilge 15th August 2026
Tá oibrithe i Flahavan’s i gCill Mhic Thomáis á mballóidiú faoi ghníomhaíocht thionsclaíoch mar gheall ar aighneas faoi chomhaontú pá agus solúbthachta, agus tá Unite fós sásta dul i mbun cainteanna. Idir an dá linn, tá clárúchán oscailte do Rith agus Siúlóid Solas i nDún Garbhán agus i gCathair Phort Láirge i mí Dheireadh Fómhair, tar éis don imeacht €230,000 a bhailiú anuraidh.
Thall sa Bhreatain, tá Nigel Farage ag filleadh ar an bParlaimint tar éis dó fothoghchán Clacton a bhuachan le breis agus 22,000 vóta. Sa Cholóim, deirtear gur maraíodh ar a laghad 281 duine i gcrith talún 7.4 in iarthar na tíre.
Ar ais i bPort Láirge, tá iascaire ag teacht chuige féin tar éis do shiorc greim tromchúiseach a bhaint as a chos amach ó Cheann Aird Mhóir, rud a spreag oibríocht mhór tarrthála. Agus ar deireadh, tá seó talmhaíochta Bhaile an Phoil atá á reáchtáil go hiomlán ag oibrithe deonacha tar éis fás ó chruinniú beag tuaithe go mórimeacht pobail, agus táthar ag súil le táirgí agus beostoc den scoth ag seó na bliana seo.
Workers at Flahavan’s in Kilmacthomas are being balloted for industrial action over a dispute involving a proposed pay and flexibility agreement, while Unite says it remains open to talks. Meanwhile, registration is open for the Solas Run and Walk in Dungarvan and Waterford City this October, after the event raised €230,000 last year.
In Britain, Nigel Farage is returning to Parliament after winning the Clacton by-election with more than 22,000 votes. In Colombia, at least 281 people are reported to have been killed following a 7.4-magnitude earthquake in the west of the country.
Back in Waterford, a fisherman is recovering after suffering a serious shark bite off Ardmore Head, prompting a major coordinated rescue operation. And finally,the Pilltown show which has grown from a small rural gathering into a major community event will take place, with high-quality produce and livestock expected at this year’s show.
Nuacht as Gaeilge is funded by the News Reporting Scheme











