
Nuacht as Gaeilge 10th October 2026
Reáchtáil baill d’Eagraíocht Altraí agus Cnáimhseach na hÉireann (INMO) agóidí ag ospidéil ar fud na tíre mar gheall ar mhoill maidir le comhaontú nua pá san earnáil phoiblí. Tá na ceardchumainn ag iarraidh bearta chun dul i ngleic leis an gcostas maireachtála agus le fadhbanna foirne.
Tá Gardaí Phort Láirge ag impí ar dhaoine a gcuid tithe a choinneáil slán agus céim gheimhridh Oibríocht Thor faoi lán seoil. De réir figiúirí na nGardaí, tharla beagnach ceithre cinn as gach cúig bhuirgléireacht i dtithe cónaithe idir a ceathair tráthnóna agus a hocht ar maidin le linn na dtrí chéim gheimhridh is déanaí.
Reáchtáladh searmanas i gCraoslach, Contae Dhún na nGall, chun comóradh a dhéanamh ar cheathrú bliain na tubaiste ag stáisiún peitril an bhaile. Maraíodh deichniúr sa phléascadh ar an 7 Deireadh Fómhair 2022, ceathrar fear, triúr ban agus triúr páistí ina measc.
Tá JJ Kavanagh tar éis éilimh bhréagacha ar na meáin shóisialta a shéanadh maidir le dhá bhus dá gcuid a chonacthas faoi thionlacan na nGardaí i mBaile Átha Cliath. Dheimhnigh an comhlacht gur toscairí ón Aontas Eorpach a bhí á n-iompar acu, seachas inimircigh mar a maíodh ar líne.
Members of the Irish Nurses and Midwives Organisation (INMO) held protests at hospitals nationwide over delays in reaching a new public sector pay agreement. Unions are calling for measures to address the cost of living and staffing difficulties.
Waterford Gardaí are urging homeowners to secure their properties as the winter phase of Operation Thor gets underway. Garda figures show that almost four in five residential burglaries during the last three winter phases occurred between 4pm and 8am.
A ceremony was held in Creeslough, County Donegal, to mark the fourth anniversary of the petrol station explosion that claimed ten lives on 7 October 2022. The victims included four men, three women and three children.
JJ Kavanagh has rejected false social media claims concerning two of its coaches travelling through Dublin with a Garda escort. The company confirmed that the coaches were transporting EU dignitaries, contrary to online claims that they were carrying immigrants.
Nuacht as Gaeilge is funded by the News Reporting Scheme











