De bhunadh an tSeanphobail e Tomás. Bhain sé amach céim B. A. sna Dána i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh i 2010, áit ar cháiligh sé mar mhúinteoir meánscoile i 2011. Duine ceolmhar, d’eisigh sé dlúthdhiosca den teideal Lá ag Ól Uisce i dteannta bheirt chara leis, Seán agus Caoimhín Ó Fearghaíl, sa bhliain 2013. Tá sé le clos, chomh maith, ar na rotháin Giorraíonn Beirt Bóthar (2008) agus Togha an Tionóil (2015). D’fhoghlaim sé a chuid ceoil ó Bobby Gardiner i gCúl na Sméar agus óna dheartháir Ciarán sa mbaile. Tar éis do tamall a chaitheamh ag múineadh i Scoil na Toirbhirte i mbaile Loch Garman, bhóg sé abhaile chun na Déise agus go Gaelcholáiste Phort Láirge i 2013, áit a bhfuil sé ar an bhfoireann teagaisc faoi láthair. Bíonn sé ag múineadh ar chúrsaí samhraidh i gColáiste na Rinne go rialta.
Advertisement
This week's Top Stories
News
Jan 10, 25
Holyhead Port to partially reopen next week
Advertisement